Bunaíodh Bunscoil Phádraig in 1998 (faoin ainm Bunscoil Leath Chathail) le líon beag daltaí agus fís mhór. Ó shin amach, tá comhnascú déanta le Bunscoil Phádraig agus í ina sruth Gaeilge. Le teacht 2007, bhí 75 dalta ag freastal ar scoil ag a bhfuil ceathrar múinteoir agus ceathrar cúntóir.
Ag dul ó neart go neart, níl amhras ann go mbeidh céad páiste ag freastal ann roimh i bhfad. Baineann na daltaí tairbhe as coimitmint foireann na múinteoireachta agus, ar ndóigh, bronntanas an dátheangachais. Léiríonn taighde de chuid Roinn an Oideachais go mbíonn buntáiste acadúil ag páistí a fuair oideachas trí theanga seachas máthair-theanga s'acu féin i gcomparáid le páistí aon-teanga.
San earrach 2008 rinne Bunscoil Phádraig dlúthdhiosca. Tά sé ar dίol ar £10.00 sa bhunscoil, i gCultúrlann agus in oifig an chumainn faoi lάthair. Bronntanas maith é do dhuine ar bith a bhfuil suim sa Gaeilge acu. Tá focail na n-amhrán atá ar an dlúthdhiosca ar fáil ar an suíomh idirlíne sa roinn litríochta.
Is féidir dul i dteagmháil leis an bhunscoil ag:
Aonad na Gaeilge
Bunscoil Phádraig
Ascall Dallan
Dún Pádraig
BT30 6HZ |
|