Foras na Gaeilge
2007-07-01
...
sonra
Gaelic
# # # # # # # #
Tá Cumann Gaelach Leath Chathail mar chuisle do phobail na Gaeilge i gceantar Leath Chathail ó bunaíodh é i 1980.

D’fhás muid mar ghlór agus mar chomhtheaghmháil do Ghaeilgeoirí Leath Chathail fríd ár ngíomhaireachtaí- ina measc, imeachtaí sóisialta míosúla, turais, ranganna agus comórtais. Tá Naíscoil agus Bunscoil bunaithe againn, chomh maith le Cumann iarscoile agus scéim shamhraidh bhliantiúil. Oibríonn muid ar son riachtanais Ghaeilgeoirí i ngach gné den tsaol, agus téimid i mbun stocaireacht le Comhairle an Cheantair agus eagraíochtaí eile chun aird a dhíriú ar na riachtanais speisialta atá againn mar phobal.

Is eagraíocht charthanach muid, nach bhfuil claonadh polaítiúil nó creidimh ag baint léi. Is cúis bhróid dúinn é go bhfuil meascán breá de dhaoine pháirteach san eagraíocht dá réir gairme, creidimh, aoise agus inscne.

Ar an suíomh seo, chífidh sibh neart eolais faoinár n-imeachtaí, gníomhaíochtaí agus feachtais, ach tá súil againn go ndéanfaidh an suíomh idiríon seo níos mó ná taifead a choinneailt fúinn amháin, ach go mbeidh sé mar chainéal cumarsáide don phobal Gaelach trí chéile.

Dreapadh urraithe
2007-09-30 - 4.00rn
Tá tacadóirí de chuid Naíscoil Dhún Pádraig ag beartú dreapadh urraithe go barr Sliabh Dónairt, Cont ...
sonra

 
baile | ranganna | nuachtlitir | naíscoil | bunscoil | litríocht | imeachtaí | tadhall | grianghraif | ceangal

Cumann Gaelach Leath Chathail
99 Sráid na nGael
Dún Pádraig
Contae an Dúin
BT30 6BS


© cóipcheart Cumann Gaelach Leath Chathail 2008
dearthóir: Activeware